Farrah Fawcett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Farrah Fawcett
Breith 2 Feabhra, 1947
  Corpus Christi, Texas, SAM
Bás 25 Meitheamh 2009
  Santa Monica California, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Aisteoir
Gníomhach 1969–2009
Céile Lee Majors (1973–1982)

Ba bhanaisteoir Meiriceánach í Farrah Fawcett (2 Feabhra, 1947 - 25 Meitheamh, 2009). Bhain sí cáil domhanda amach don chéad uair sa ról Jill Munroe sa tsraith teilifíse Charlie's Angels, a thosaigh sa bhliain 1976. D'fhan sí i mbéal an phobail agus í ag obair sna drámaí ar Bhroadway agus mar mhainicín. Bhí sí pósta leis an aisteoir mór le rá eile Lee Majors idir na blianta 1973 agus 1982, ach scar siad sa bhliain 1979. Bhí caidreamh fadtéarmach eile aici leis an aisteoir Ryan O'Neal, a mhair ón bhliain 1982 go dtí lá a báis. Bhí mac amháin darbh ainm Redmond acu.

Sa bhliain 2006, fuair Fawcett an t-eolas go raibh ailse uirthi agus d'éag sí sa bhliain 2009.