Fótatrófach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fótatrófaigh trastíre agus uisceacha : plandaí ag fás ar lomán atá tite ar snámh in uisce  algaí-saibhir

Fótatrófaigh (Gr: φῶς, φωτός = solas, τροϕή = cothú) a thugtar ar orgánaigh ar féidir leo fótaghabháil i gcomhair fuinnimh a fháil. Úsáideann siad fuinneamh ó sholas chun próisis éagsúla meitibileach cheallacha a chur i gcrích. Míthuiscint choitianta is ea í go bhfuil fótatrófaigh fótaisintéiseach éigeantach. Is minic a bhíonn go leor fótatrófaigh, ach ní hiad go léir, fótaisintéis a dhéanamh., Tiontaíonn siad Dé-ocsaíde charbóin go hanabalach go dtí ábhar orgánach chun leas a bhaint as ó thaobh struchtúir agus feidhm de, nó níos déanaí mar fhoinse le haghaidh   próiseas catabalach (m. sh. i bhfoirm stáirsí, siúcraí agus saillte).