Féimear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cnámh fhada na leise le ceann cruinn, muineál is fearsaid, agus a ceann íochtarach leathnaithe amach. Altann a ceann cruinn leis an bpeilbheas (trí alt an chromáin) agus an ceann íochtarach le plaitín na glúine is an tibia (trí alt na glúine). An chnámh is faide sa cholainn, agus tugann sí ceangal do ghrúpaí cumasacha matán a ghluaiseann an leis i leith an stoic, is an colpa i leith na leise.