Jump to content

Vápáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Electronic cigarette)
galtoitíní nó E-cigarettes, nó electronic cigarettes

Is éard is vápáil[1] ann ná ‘mhanglaim nimhe a d’fhéadfadh leanbh a mharú’.[2] Tá iliomad blasanna galtoitíní[3] ann - blasanna neamúla atá dírithe ar dhaoine óga go háirithe. Tháinig an-tóir ar ghaltoitíní i dtús na 2010idí, mar tháirgí ionanálaithe nicitín. Ceapadh an focal Gaeilge sa bhliain 2014.[4]

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an Bhoird Taighde Sláinte, is dóichí faoi chúig go dtosóidh daoine a chaitheann galtoitíní, go dtosóidh siadsan thar dhaoine eile ag caitheamh tobac.[5] Do fhormhór na daoine a bhíonn ag vápáil faoi láthair, caitheann siad tobac nó chaith siad tobac, agus is dócha go ndéanfaidh vápáil níos lú dochar dóibh a dhéanann aistriú iomlán.

Nuair a úsáideann ógánaigh nicitín, tá sé in ann cur isteach ar na codanna sin den inchinn a rialaíonn aire, foghlaim, giúmar agus rialú ríge. Anuas air sin, tá sé in ann an seans go mbeifear tugtha do dhrugaí eile sa todhchaí a mhéadú. Agus tá vápáil nó ionanálú aon substaint in ann dochar a dhéanamh do na scamhóga agus don chonair riospráide.[6]

Sna 2020idí, áfach, tháinig ardú mór ar vápáil i measc páistí agus daoine óga. Nochtann sé seo iad do nicitín, substaint an-andúileach a bhféadfadh tionchar níos mó a bheith aici ar dhaoine óga ná ar dhaoine fásta. Níl galtoitín gan dochar ach an oiread, agus níl a fhios againn cad iad na tionchair fhadtéarmacha sláinte ó vápáil. Tá seans ann freisin go bhféadfadh roinnt daoine óga a bhíonn ag vápáil dul ar aghaidh chun tobac a chaitheamh.[7]

Vápáil in Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, bhí sé molta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly cosc a chur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine faoi ocht mbliana déag agus srianta a chur ar fhógraíocht galtoitíní. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Not Around Us spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla: vaping nó electronic cigarettes / E-cigarettes
  2. Philip Downes (2024-04-04). "Beirt bhan cúisithe tar éis leanbh vápáil (vaping) ar líne" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-05-26.
  3. Béarla: vapes
  4. Maitiú Ó Coimín (18 Nollaig 2014). "‘Vape’ nó ‘galtoitín’ i measc na bhfocal nua ar focloir.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-22.
  5. Nuacht RTÉ (2022-11-22). "Cosc le cur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine óga" (as ga). 
  6. planetyouth.ie/. "TREOIRLÍNTE DO THUISMITHEOIRÍ". Dáta rochtana: 2024.
  7. gov.ie (1 Samhain 2023). "Comhairliúchán maidir le rialáil bhreise a dhéanamh ar tháirgí ionanálaithe tobac agus nicitín : Páipéar Achoimre". Dáta rochtana: 2024.
  8. gov.ie (2020-05-31). "Tugann an tAire Sláinte foláireamh faoi chaitheamh tobac agus COVID-19 ar Lá Domhanda Gan Tobac" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-05-26.