Eirbiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachEirbiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Eirbiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachEr
Uimhir adamhach68
Mais adamhach167.259
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.89 agus 1
Stair
AimsitheoirCarl Gustaf Mosander
Fionnachtain1843
EapainmYtterby mine (en) Aistrigh

Is é an t-eirbiam dúil cheimiceach uimhir a 68, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Er. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin is miotal tearc-chré é. Fuair sé a ainm ó Ytterby sa tSualainn, cosúil le trí dhúil eile.

Tá eirbiam an dúlra comhdhéanta as sé iseatóp, mar atá, eirbiam a 162 (0.139 % d'eirbiam an dúlra), eirbiam a 164 (1.601 %), eirbiam a 166 (33.503 %), eirbiam a 167 (22.869 %), eirbiam a 168 (26.978 %), agus eirbiam a 170 (14.910 %). 167.259 an meáchan adamhach.

Miotal bog insínte é an t-eirbiam, agus cé gur dual dó imoibriú leis an aer le trí-ocsaíd dé-eirbiam, nó seisce-ocsaíd eirbiam, nó eirbia, Er2O3 a dhéanamh, ní thagann brat ocsaíde air go róghasta. Na comhdhúile a bhfuil an t-ian eirbiam Er3+ iontu bíonn siad pinc nó ar dhath an róis. Imoibríonn an t-eirbiam leis an uisce agus é ag déanamh tríhiodrocsaíd eirbiam Er(OH)3. Téann sé i gcomhdhúile leis na halaiginí, ar ndóigh. Bíonn dath vialait i halaiginídí an eirbiam, amach ón bhfluairíd, ErF3, atá pinc, cosúil leis an gcuid is mó de na salainn eirbiam.

Mar is léir ó na samplaí seo, is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don eirbiam ina chuid comhdhúl. Is é is impleacht don méid sin ná gur lantanóideach tipiciúil é.

Creidtear nach bhfuil ról ag an eirbiam in orgánach an duine, ach ón taobh eile de is dóigh go spreagann sé an mheitibileacht. Tá an miotal seo iontach úsáideach le gathanna léasair a ghineadh, nó is dual d'ian an eirbiam Er3+ solas a astú ag tonnfhad 1530 nanaiméadar, má fhlosctar le solas timpeall ar thonnfhad 980 nm nó 1480 nm é. Cuireann an t-ian eirbiam ar chumas na n-innealtóirí gléasra cumarsáide léasair a thógáil gan an iomarca comhpháirteanna meicniúla. Sna snáithíní optúla is mó a úsáidtear tonnfhad seo an eirbiam. Is féidir, áfach, gathanna léasair a bhaint as an eirbiam ag tonnfhad eile freisin, mar atá, 2940 nm. Sa ghléasra míochaine is mó a úsáidtear an tonnfhad seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]