Eilean Iùbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachEilean Iùbh
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa hOileáin Laistigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilAn Cuan Sgitheanach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57°50′04″N 5°36′53″W / 57.8344°N 5.6148°W / 57.8344; -5.6148
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Ewe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí1.1 (leithead) × 3.6 (fad) km
Achar309 ha Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Eilean Iúbh. Tá teaghlach amháin ina gcónaí ar an oileán, the Grants, a bhfuil cónaí orthu ag an Main House i ndeisceart an oileáin ó lár an 19ú haois.

Tá an t-oileán faoi úinéireacht phríobháideach ag J.I.H. Macdonald-Buchanan agus tá sé ar léas leis na Grants. Bhí níos mó teaghlach ar an oileán roimhe seo, ach d’imigh siad seo le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a úsáideadh Loch Iùbh mar ancaireacht chabhlaigh thábhachtach. Chiallaigh suíomh iargúlta an oileáin go raibh ar na páistí turas fillte de thart ar 42 ciliméadar a fhulaingt gach lá ar bhád agus ar bhus chun freastal ar scoil.[1]

Brí an logainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá theoiric iomaíocha ann maidir le brí an logainm; d'fhéadfadh sé a bheith díorthaithe ón Sean-Ghaeilge eo (crann iúir), nó mar mhalairt air sin ó eubh (macalla), a léiríonn logainm ar an mórthír máguaird.

Tíreolaíocht agus geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil an oileáin

Tá Eilean Iúbh suite i Loch Iúbh, siar ó Allt Beithe i gceantar Ros agus Cromba sa Ghàidhealtachd. Tá an t-oileán comhdhéanta de dhá phríomhchineál gaineamhchloiche (Toirbheartanach le hithir aigéadach, sa tuaisceart,agus Peirmeach nó Triasach le hithir níos torthúla sa deisceart). Athraíonn an t-imeallbhord ó thránna duirlingí réidhe go haillte. Tá sé mar chuid de 'Limistéar Scéimhe Náisiúnta' Ros an Iar), ceann de 40 in Albain. [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Haswell-Smith (2004) pp. 184–187
  2. "National Scenic Areas" Curtha i gcartlann 2017-03-11 ar an Wayback Machine. SNH. Retrieved 30 Mar 2011.