Eantrópacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rudolf Clausius, ceannródaí

Sa teirmidinimic, is tomhas ar neamhord (randamacht) córais í an eantrópacht. Úsáidtear an tsiombail S di, agus is i ngiúil in aghaidh an cheilvin (J K-1) a thomhaistear í. De réir mar a mhéadaíonn an mí-ord, is amhlaidh a mhéadaíonn an eantrópacht. Mar shampla, samhlaigh córas ina bhfuil umar uisce is braon dúigh. Nuair a chuirtear an braon dúigh isteach san umar uisce, méadaítear eantrópacht an chórais mar go bhfuil mí-ord an dúigh scaipthe níos mó ná roimhe. Ní athbhaileoidh na páirteagail dúigh le chéile arís, rud a léiríonn nach laghdaíonn an eantrópacht go spontáineach.

Sainmhínítear an t-athrú eantrópachta mar an méid teasa a chuirtear le córas, roinnte ar a theocht i K nuair a choinnítear an teocht tairiseach. Mar shampla, is é an méadú eantrópachta i 1 kg oighir nuair a leánn sé go huisce ag 0 °C (273 K) ná 1223 J K-1. Nuair a reoitear uisce go dtí oighear, laghdaítear eantrópacht an uisce sin, ach ar chostas an mhéadú eantrópachta sa chóras iomlán, an cuisneoir is an seomra san áireamh. Tugann an t-athrú eantrópachta léargas breise ar threo próisis atá inchúlaithe ó thaobh imchoimeád an fhuinnimh de, de réir dealraimh.

Is tairiseach an eantrópacht i bpróiseas inchúlaithe de chineál amháin, agus is é sin próiseas nach suimítear nó nach ndealaítear teas lena linn. De réir dara dlí na teirmidinimice, fanann an eantrópacht gan athrú nó méadaíonn an eantrópacht i ngach uile phróiseas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eantrópacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 237.