Droichead Suramadu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Droichead idir Surabaya, ar an oileán Iáva, agus an baile Bangkalan, ar an oileán Madura, san Indinéis is ea Droichead Suramadu (Indinéisis: Jembatan Suramadu), nó Droichead Surabaya-Madura.

Staidreamh[athraigh | edit source]

Tá dhá bhóithrín i ngach treo agus bóithrín éalaithe ag an droichead. Ar leataobh tá bóithrín do ghluaisrothair ann. Tá an droichead 5.4 ciliméadar ar fad, an droichead is faide san Indinéis.

Stair[athraigh | edit source]

Thosaigh an oibriú ar 20 Lúnasa, 2003. In Iúil 2004, thit cearchaill go talamh agus maraíodh oibrí amháin agus gortaíodh naonúr eile. Stad an oibriú ag deireadh 2004 de bharr easpa maoine, ach d'atosaigh siad an obair i Samhain 2005. Osclaíodh an droichead ar an 10ú Meitheamh, 2009. 4.5 trillion rupiah (US$445 million) an costas iomlán ar an scéim.


Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]