Dochtúir teaghlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmDochtúir teaghlaigh
Cineál fostaíochta
dochtúir leighis, primary care physician (en) Aistrigh agus health care provider (en) Aistrigh
Réimse oibre
family medicine (en) Aistrigh, cúram príomhúil, primary health care (en) Aistrigh, general medical practice activities (en) Aistrigh agus general practice (en) Aistrigh
British Journal of General Practice

Dochtúir teaghlaigh (general practitionerG.P. as Béarla) a thugtar de ghnáth i nGaeilge ar dhochtúir leighis a dhéanann freastal ar gach sórt othar i measc an phobail. Déanann sé nó sí scrúdú ar an duine, agus ordaíonn sé leighis i bhfoirm piollaí nó i bhfoirm eile. Is é a bhíonn i gceist le gnáthdhochtúir.

Dochtúir teaghlaigh, 1938, SAM

De ghnáth, déanann sé freastal ar othair ina sheomra freastal, agus sa lá atá inniu ann téann cuid mhór dochtúirí leighis i gcleachta i dteannta a chéile i ngrúpaí. Mar sin, is fearr is féidir leo freastal ar ghlaonna práinneacha san oíche nó ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin, is mó teacht a bhíonn ag an dochtúir agus ag a chomhghuaillithe ar uirlisí leighis agus cabhair chléiriciúil agus altranais i gcleachta grúpa.

I gcásanna áirithe, cuireann an dochtúir chuig saineolaí nó comhairleoir leighis an othar, chun dianscrúdú a chur air, nó chun freastal ar chásanna an-tinn nó níos casta ná an gnás.

I ndiaidh céime ollscoile sa leigheas a bhaint amach, déanann an dochtúir teaghlaigh traenáil ar feadh ceithre bliana eile i ngnéithe éagsúla den leigheas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]