Dé-ainian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is dé-ainian ann ná ainian a bhfuil glanlucht de −2 aige. Cé go bhfuil go leor dé-ainian móilíneach cobhsaí ann, mar shampla BeF4 2− agus MgF4 2−,[1] go dtí seo níor aimsíodh aon dé-ainian adamhach chobhsaí: is gnách go mbíonn sé éagobhsaí nuair a chuirtear leictreon eile le hainian adamhach, mar gheall ar fhéindíonadh leictreon agus éifeachtaí meicniúla candamacha eile.[2]

Is é an dé-ainian adamhach is mó a ndéantar staidéar air ná H2−, de ghnáth mar athshondas gearrshaolach idir leictreon agus ian hidrigine.[2] Sa bhliain 1976, rinneadh a leathré a thomhas go turgnamhach mar 23 ± 4 nanashoicind. [3]

I réimse na fiseolaíochta, tá ról tábhachtach ag dé-ainiain mhóilíneacha, mar shampla fosfáit mhonaihidrigine ([HPO4]2-), i láthair ag tiúchan de thart ar 1 mM san fhuil agus i gcealla, áit a bhfuil ról aige pH a mhaolú.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Déchaitian

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Middleton (1999-11-01). "Experimental verification of the existence of the gas-phase dianions BeF42− and MgF42−". Physical Review A 60 (5): 3515–3521. doi:10.1103/PhysRevA.60.3515. 
  2. 2.0 2.1 Andersen (2004-05-01). "Atomic negative ions: structure, dynamics and collisions" (as en). Physics Reports 394 (4): 208–209. doi:10.1016/j.physrep.2004.01.001. ISSN 0370-1573. 
  3. "Double-negative hydrogen ion found" (as en) (1976-02-16). Chemical & Engineering News Archive 54 (7): 8. doi:10.1021/cen-v054n007.p008. ISSN 0009-2347. 
  4. Wadsworth (September 2016). "{{{title}}}". BJA Education 16 (9): 305–309. doi:10.1093/bjaed/mkw033.