Culaith uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beirt bhan ar an trá i gcultacha fliucha. Culaith ghearrchosach agus buataisí neoipréine atá á gcaitheamh ag an mbean ar chlé, ar dheis is culaith lánfhada le cúlzip atá á caitheamh.

Is éard is culaith fhliuch (nó culaith uisce) ann[1] ná culaith a chaitear san uisce le duine a choinneáil te. Cosaint theirmeach a thugann siad. Coinníonn siad teas an duine isteach trí chiseal uisce a choinneáil san ábhar atá buailte le colainn an duine, téann colainn an duine an t-uisce seo. Is as cúr-neoipréin a dhéantar iad de ghnáth. Baineann lucht surfála, tumadóirí, lucht canú agus daoine eile a bhíonn ag dul do spórtanna uisce úsáid astu. Braitheann insliú na cúr-neoipréine ar bholgáin gháis atá ceaptha san ábhar - rud a laghdaíonn seoladh an teasa tríthi. Fágann na bolgáin go mbíonn dlús íseal ann - rud a fhágann snámh áirithe ann san ábhar a chabhraíonn le lucht a n-úsáidte san uisce dóibh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]