Crioptanailís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crioptanailís

Léamh (is tuiscint) nó réiteach cóid teachtaireachtaí rúnda a ionchódaíodh thar ceann daoine eile. Mar thoradh ar úsáid cód is rúnscríbhinní chun eolas íogair a choimeád ó naimhde, d'fhás an t-éileamh frithghníomhach ar chrioptanailís. Is gá an teachtaireacht rúnda a ghabháil is a anailísiú chun an cód a bhriseadh is an bhrí a dhéanamh amach. Bealach amháin anailíse is ea minicíocht litreacha a chomhaireamh, féachaint an bhfuil siad cosúil leis na gnáthmhinicíochtaí sa teanga sin. Cuardaítear patrúin eile sna litreacha freisin. Cabhraíonn ríomhairí digiteacha go mór san obair seo, ach is dóigh go gcabhraíonn siad le dearthóirí na gcód chomh mór is a chabhraíonn le bristeoirí na gcód.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crioptanailís". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.