Corydoras splendens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCorydoras splendens
Brochis splendens Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdSiluriformes
FineCallichthyidae
GéineasBrochis
SpeiceasBrochis splendens Cuir in eagar ar Wikidata
Castelnau, 1855

Is iasc fionnuisce trópaiceach é an Corydoras splendens (Gaeilge:cat mara iathghlas) a bhaineann leis an bhfo-fhine Corydoradinae den fhine Callichthyidae a thagann ó dhúchas ó Abhantrach na hAmasóine i Meiriceá Theas. Glaodh Brochis splendens air go traidisiúnta.[1] Tá an t-iasc le feiceáil ar stampa sa Bhrasaíl.

Tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuire François Louis de la Porte, comte de Castelnau síos air mar Callichthys splendens ar dtús sa bhliain 1855. Glaodh go coitianta Brochis coeruleus ar an speiceas seo uair amháin. Ba é WA Gosline an chéad duine a cheap go raibh an dá speiceas mar an gcéanna sa bhliain 1940, ach b'iad an bheirt Njiseen & Isbrücker a chuir an dá cheann le chéil sa bhliain 1970, ag tabhairt cúiseanna leordhóthanach leis sin a dhéanamh. Cuireadh síos ar an speiceas mar Brochis splendens, go dtí gur ath-rangaíodh an chuid is mó den na chait mhara a bhí rangaithe roimhe seo mar Brochis go Corydoras.[1] Is é an t-aicmiú aitheanta reatha ná Corydoras splendens .

Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-iasc seo nádúrtha go dtí réimsí uachtair d'Abhantrach na hAmasóine. Áirítear leis seo an Ucayali go Pucallpa, an Ambiyacu, agus an ceantar thart ar Iquitos i iarthar na Brasaíle, oirdheisceart na Colóime, oirthear Eacuadór agus oirthear Pheiriú.

Dealramh agus anatamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag brath ar an uillinn soilsithe, frithchaith coirp an éisc dath niamhghlas, nó fiú cineál gorm.

San uisceadán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is speiceas coitianta é an cat mara iathghlas in uisceadáin fhionnuisce.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Encyclopedia of Aquarium and Pond Fish (2005) (David Alderton) leathanach 121