Constantine a hAon, Impire na Róimhe
| Constantine I | |
|---|---|
| Impire na Róimhe | |
| Flavius Valerius Aurelius Constantinus | |
| Réimeas | 306–337 |
| Dáta breithe | 27 Feabhra t.272 |
| Áit bhreithe | Naissi (An tSeirbia inniu) |
| Dáta báis | 22 Bealtaine 337 |
| Áit bháis | Nicomedia (An Tuirc inniu) |
| Réamhtheachtaí | Constantius Chlorus |
| Comharba | Constantine II, Constantius II agus Constans |
| Rítheaghlach | Constantinus |
| Céile | Minervina agus Fausta |
Ba é Constantine a hAon, nó Constantine Mór nó Flavius Valerius Constantinus (rugadh thart faoi 280AD i Naissi agus d'éag ar 22 Bealtaine 337AD) Impire na Róimhe idir 306AD agus 337AD.
Bhain sé cáil ar leith amach de bharr gur bhain an t-arm rómhánach faoina stiúr úsáid as comhartha críostaíochta don chéad uair, ag cath droichead Milvio, mar ar chloí sé a namhaid Maxentius, sa bhliain 312AD. An bhliain dár gcionn, 313AD, tugadh cead chleachtaithe a gcreidimh do chríostaithe san Impireacht Rómhánach. Chuir sé An Chéad Comhdháil Nicea ar bhun sa bhliain 325AD, rud a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt na Críostaíochta. Bhog sé áit lonnaithe na hImpirí Rómhánaigh as an Róimh go dtí Byzantium agus athainmníodh na cathrach, Constantinople in omós dó.