Comhleá fuar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhleá núicléach ag tarlú ag teocht an tseomra. I 1989 d'fhógair beirt ceimicithe, Martin Fleischmann ón mBreatain agus Stanley Pons as na Stáit Aontaithe, gur bhraith siad comhleá i gcill leictrilíteach le leictreoid platanaim is leictreoid tiotáiniam in uisce trom. Ar an drochuair d'fhógair an bheirt a dtorthaí sna meáin cumarsáide gan a dtaighde is a dtorthaí a bheith iniúchta nó dearbhaithe go neamhspleách ag saineolaithe eile. Déanta na fírinne, cruthaíodh go luath gur bhréagach a dtorthaí, ach ba gháifeach an scéal ag an am é.