Comhartha-fháinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas líonra ceantair áitiúil (LAN) a d'fhorbair IBM, a bhaineann úsáid as toipeolaíocht fáinne ina gcuirtear comhartha thart ó ríomhaire go ríomhaire timpeall an fháinne. Má bhíonn an comhartha saor, is féidir leis an ríomhaire teachtaireacht a ghreamú leis agus é a chur ar aghaidh. Muna bhfuil, ní mór don ríomhaire fanacht go dtagann an comhartha timpeall arís.