Comhaontú Imirce agus Tearmainn an Aontais Eorpaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réamh-mheastacháin ar dhaonra an Aontais Eorpaigh. Foinse: Comparative Population Studies Vol. 44 (2019)[1]

Mhol an an Coimisiún Eorpach Comhaontú Imirce agus Tearmainn,[2][3] maidir le cúrsaí inimirce, sa bhliain 2020.[4] Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Comhaontú ar an 10 Aibreán 2024.[5][6]

2021[7]

An Comhaontú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tiocfaidh na dlíthe céanna i bhfeidhm i ngach uile bhallstát de chuid an AE (seachas an Danmhairg) roimh 2027.[8]

  • Beidh sé níos éasca ag ballstáit teorainn a chur le líon na n-imirceach a ligtear isteach san Aontas Eorpach.
  • Próiseálfar iarratais ar thearmann níos luaithe agus go bhféadfar daoine a dhíbirt as an tír níos luaithe.
  • Féadfaidh ballstáit nach bhfuil ag iarraidh glacadh le hiarrthóirí tearmainn síntiús airgid a thabhairt do thír eile chun glacadh leo.

Cur in aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an reachtaíocht cáinte ag roinnt eagraíochtaí carthanachta a deir go mbeidh sé i bhfad níos deacra ar iarrthóirí tearmainn cosaint a fháil.[9]

An Comhaontú agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an chomhaontaithe nua, ní mór do Rialtas na hÉireann reachtaíocht úr a thabhairt isteach am éigin idir 2024-2026 le teacht in áit an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta (a tháinig i bhfeidhm in 2015).[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Comparative Population Studies". www.comparativepopulationstudies.de. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  2. Béarla: Pact on Migration and Asylum
  3. "Migration and asylum policy of the European Union" (as en) (2024-03-03). Wikipedia. 
  4. ec.europa.eu (2020). "A fresh start on migration: Building confidence and striking a new balance between responsibility and solidarity". European Commission - European Commission. Dáta rochtana: 2024-04-11.
  5. eulisa.europa.e (2024-04-11). "The Pact on Migration and Asylum becomes a reality". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-11. Dáta rochtana: 2024-04-11.
  6. "Pact on Migration and Asylum" (en). Migration and Home Affairs. Dáta rochtana: 2024-04-11.
  7. "Maps". erccportal.jrc.ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2024-04-12.
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2024-04-11). "'Cor cinniúnach reachtaíocht nua inimirce' – McEntee" (as ga-IE). 
  9. "The bitter compromise of the EU migration pact" (en). Le Monde.fr (2024-04-11). Dáta rochtana: 2024-04-11.