Coistí Oireachtais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Coistí Oireachtais ná Coistí i dTithe an Oireachtais. Is féidir iad a rangú faoi cheithre chatagóir leathana, mar atá thíos.

Comhchoistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coistí a bhunaítear ar feadh théarma na Dála agus a dtagann deireadh leo ar lánscor na Dála. Bunaítear na Coistí seo chun formhaoirsiú a dhéanamh ar obair Roinne Rialtais agus ar nithe beartais gaolmhara de réir na nOrduithe Tagartha a thugann an Dáil agus an Seanad orthu. Is comhaltaí de dhá Theach an Oireachtais a bhíonn ar Chomhchoistí.

Roghchoistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coistí ina mbíonn comhaltaí de Theach amháin an Oireachtais. Déanann Roghchoistí Dháil Éireann, breithniú ar Bhillí, Meastacháin, Tairiscintí, Comhaontuithe idirnáisiúnta agus ar nithe eile a tharchuireann an Dáil chucu.

Buanchoistí (Comhchoistí nó Roghchoistí)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coistí buana a mbíonn freagrachtaí sonracha orthu mar a leagtar amach sna Buan-Orduithe.

Coistí Speisialta (Comhchoistí nó Roghchoistí)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coistí a bhunaítear chun scrúdú a dhéanamh ar ábhar speisialta agus a gcuirtear deireadh leo de ghnáth nuair a bhíonn a gcuid oibre curtha chun críche agus a dtuarascálacha deiridh curtha faoi bhráid an Tí/na dTithe acu.

Coistí Earnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coistí Oireachtais a bhfuil comhaltaí ó aon Teach amháin nó ón dá Theach orthu agus a bhaineann le réimsí oibre de chuid Ranna Rialtais áirithe. Déanann na coistí earnála grinnscrúdú ar obair na Roinne Rialtais iomchuí agus ar réimsí beartais a bhaineann le hábhar, mar shampla, an Comhchoiste um Iompar, an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha, is araile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]