Coipeirniciam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coipeirniciam
Siombail Cheimiceach Cn
Uimhir Adamhach 112
Meáchan Adamhach [285] g·mol-1
Grúpa, Peiriad 12, 7, d
Dlús
Sraith Cheimiceach Miotail trasdultacha
Cn-TableImage.png

Is é an coipeirniciam dúil uimhir a 112, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Cn. Dúil shaorga shintéiseach atá ann, agus í chomh radaighníomhach agus nach féidir mórán taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha na dúile, ach creidtear go bhfuil sé cosúil leis na miotail thrasdultacha. Is é an t-iseatóp is cobhsaí ná coipeirniciam a 285, agus é 30 soicind ar leathré. hAonraíodh an chéad eiseamal de sa bhliain 1996 sa Gesellschaft für Schwerionenforschung in Darmstadt. hAinmníodh an dúil seo as an réalteolaí Polannach Nioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik).