Coimisiún Toghcháin (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisiún Toghcháin
Sonraí
Cineálelection commission (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí

2022Electoral Reform Act 2022 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinelectoralcommission.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Coimisiún Toghcháin in Éirinn an comhlacht reachtúil neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar thoghcháin. Bainistíonn an Coimisiún Clár na bPáirtithe Polaitíochta agus tó feidhmeanna aige freisin maidir le fógraíocht pholaitiúil.[1]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialaíonn an tAcht Athchóiriú Toghcháin 2022 comhdhéanamh agus feidhmeanna an Choimisiúin. Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin an 9 Feabhra 2023. Tháinig sé in ionad an Choimisiúin Reifrinn.

Feidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thoghcheantair agus ar theorainneacha dáilcheantair le haghaidh olltoghcháin, toghcháin Eorpacha agus áitiúla
  • An pobal a chur ar an eolas faoi reifrinn
  • Ag insint don phobal faoi conas vótáil agus daoine a spreagadh chun vótáil i reifrinn agus toghcháin
  • Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chothabháil
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú Chlár na dToghthóirí ag údaráis áitiúla
  • Fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil

Gníomhartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 30 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a athbhreithniú ar thoghcheantair na hÉireann. Bhí na moltaí ag teacht leis na riachtanais reachtúla a leagadh síos don athbhreithniú, sin a rá comhionannas “réasúnta” idir na toghlaigh éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de.[2] Mhol an Coimisiún : méadaítear líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann go 174 (ó 160) agus líon na dtoghcheantar Dála go 43 (ó 39).[3]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne An Coimisiún Toghcháin praiseach cheart den bhileog as Gaeilge faoi na reifrinn a reáchtáladh ar an 8 Márta 2024.[4] D’fhoilsigh an Coimisiún "leabhráin eolais" 12-leathanach. Ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais agus ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge.[5] Ceartaíodh an bhileog ach tháinig an leagan as Gaeilge amach i bhfad níos déanaí ná an bhileog i mBéarla. Ina theannta sin, bhí an bhileog scríofa i stíl thar a bheith foclach, 12 leathanach in iomlán.

"Pinocchio"

Maoirseacht agus bréagnuacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin, nach raibh aon fheidhm reachtúil nó rialála ag an gCoimisiún Toghcháin i leith an bhréageolais agus na mífhaisnéise. Mar sin dúirt sé gur chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin: Cé atá á insint seo dom? Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[6]

Príomhalt: Bréagnuacht

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Citizensinformation.ie. "An Coimisiún Toghcháin" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-23.
  2. "LÁITHREACH BONN 24: Feisire Eorpach breise molta do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-20). Dáta rochtana: 2024-02-23.
  3. "14 Teachta Dála breise le bheith sa chéad Dáil eile, ceithre dháilcheantar nua le bunú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.
  4. electoralcommission.ie (2024). "Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram - Bileog (pd)". Dáta rochtana: 2024.
  5. "Botúin sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi na reifrinn ceartaithe ag an gCoimisiún Toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-30). Dáta rochtana: 2024-02-23.
  6. "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.