Cogadh an Mhíle Lá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh an Mhíle Lá
Cogadh an Mhíle Lá
Dáta: 1899–1902
Áit: Ranna na Colóime
Toradh: Bhuaigh na Coimeádaigh. Leanúint le Poblacht na Colóime mar atá sí inniu. Scaradh Panama ó Phoblacht na Colóime.
Céilí comhraic
Na Coimeádaigh:
Single Color Flag - 0434B1.svg Partido Conservador
Flag of the President of Colombia.svg Partido Nacional
An Páirtí Liobrálach:
Single Color Flag - BF0000.svg Partido Liberal
Ceannasaithe
Próspero Pinzón
R González Valencia
Pedro Nel Ospina
Carlos Albán
Rafael Uribe Uribe
Benjamín Herrera
Belisario Porras
Victoriano Lorenzo
Slua
Taismigh
Básanna: 100,000 marbh ar an dá thaobh

Ba choimhlint armtha shibhialta é Cogadh an Mhíle Lá (Spáinnis: Guerra de los Mil Días) san Stát nua-chruthaithe Poblacht na Colóime, (lena n-áirítear Panama, a bhí ina chuid den Phoblacht sa tréimhse áirithe seo.) idir an Pháirtí Coimeádach, an Páirtí Liobrálach agus a chuid faicsean radacach (1899-1902). Sa bhliain 1899, bhí sé curtha i leith na Coimeádaigh go raibh siad ag coinneáil na cumhachta trí thoghcháin chalaoiseacha. Bhí an scéal níos measa toisc go raibh géarchéim eacnamaíoch i réim ag an am céanna de bharr praghsanna caife sa mhargadh idirnáisiúnta a bheith ag leagan, agus chuaigh seo i bhfeidhm go suntasach ar an fhreasúra, sé sin an Páirtí Liobrálach.

Tosach[athraigh | edit source]

I rith an 19ú haois, ba thír í an Cholóim a bhí lán le éagobhsaíocht pholaitiúil, fachtóir a tháinig chun cinn mar an chúis is mó a spreag an cogadh sa bhliain 1886. Ba í seo an bhliain ina raibh 'Bunreacht na bliana 1863' curtha faoi chois, agus ina raibh doiciméid coimeádach níos lárnaitheach curtha ina ionad. Cáineadh 'Bunreacht 1863' mar thoradh ar mhí-úsáid cumhachta ag lucht na bhFeidearálacht le linn na tréimhse ina raibh na Liobrálaigh radacacha i gcumhacht.

Le linn Tréimhse Regeneración (na hAthbheochana) agus cruthú an bhunreachta '1886', chuir an rialtas leis na fadhbanna polaitiúla , agus thosaigh roinnt ranna ag gearán maidir leis an lár-rialtas. Sa réimse eacnamaíoch, chuir droch-chinntí polaitiúla leis na fadhbanna eacnamaíochta.

Phléasc an t-achrann idir na Liobrálaigh agus na Coimeádaigh ina chogadh. D'úsáid na Coimeádaigh toghcháin calaoiseacha chun fanacht i gcumhacht, agus mar thoradh ar sin mhéadaigh fearg an bhfreasúra. Ar bharr na timpeallachta a bhí ag éirí naimhdeach , bhí an tUachtarán Antonio Manuel Sanclemente ró-thinn chun rialú a thabhairt ar an tír, agus d'éirigh folús polaitíochta as sa tír. Leis an timpeallacht pholaitiúil agus an staid eacnamaíoch cruthaíodh dálaí cosúil le bairille púdair nach gá ach an solas is lú chun é a phléascadh.

Éirí amach na Liobrálach[athraigh | edit source]

Ba é an 20 Deireadh Fómhair 1899 an dáta a bhí beartaithe le haghaidh tús an chogaidh . Mar sin féin, mar gheall ar neamh-chríonnacht roinnt ginearál Liobrálach a bhí ag iarraidh tús a chur leis an gcogadh ar 17 Deireadh Fómhair, bogadh an dáta ar aghaidh.




Páistí ina saighdiúirí