Iarmhairt chraicinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cneas-iarmhairt)
Cneas-iarmhairt

Iarmhairt a tharlaíonn le sruth ailtéarnach leictreach ina n-iompraítear an chuid is mó den sruth ar feadh imeall seachtrach an tseoltóra, is ea iarmhairt chraicinn.[1][2]

Mar mhalairt, iompraítear sruth díreach, dáilte go cothrom, ar fud trasghearradh an tseoltóra. Tarlaíonn an iarmhairt chraicinn de bharr sruthanna guairneáin i gcroíleacán an tseoltóra, agus cuireann siad seo i gcoinne an tsrutha fheidhmithe sa chroíleacán.

Bíonn an iarmhairt níos sonraí ag minicíocht ard.

Toradh amháin ar an iarmhairt seo nach gá ach feadáin chuasacha, in ionad slat nó sreang, chun sruth ardmhinicíochta a iompar.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""iarmhairt chraicinn"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-07-11.
  2. cneas-iarmhairt nó iarmhairt cnis
  3. Hussey, Matt (2011). "Cneas-iarmhairt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 150.