Sruthanna guairneáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sruthanna leictreacha a ionduchtaítear i seoltóir toirtiúil ag réimsí athraitheacha maighnéadacha mórthimpeall air, nó ag gluaisne an tseoltóra féin i réimse maighnéadach. Is de bharr ionduchtaithe leictreamaighnéadaigh iad. Is cailliúint fuinnimh, agus mar sin mí-éifeacht, an téamh sa chroíleacán i dtrasfhoirmeoirí is mótair leictreacha de bharr na sruthanna seo, agus déantar na croíleacáin seo a lannú chun an chailliúint a laghdú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sruthanna guairneáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.