Clocha ceangailte agus madraí scaoilte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nath cainte Gaeilge é clocha ceangailte agus madraí scaoilte. Is é an chiall atá leis baol a bheith ann agus gan aon rud chun cosc a chur leis. (C)ead a gcos ag cladhairí gan smacht orthu ag daoine macánta an míniú a thugtar in Lán-chúrsa na Gaeilge (Ó Riain 1952).

Samplaí corpais[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Tá sé ag cur ar Mhac Uilliam agus ní foláir d'Ó Domhnaill dul agus Mac Uilliam do chosaint air. Sos comhraic ceangailte orainne agus sibh-se 'ghá bhrise! 'Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte.' Ní dhéanfadh san an bheart, a ridire."

Foinse: Aodh Ruadh (Cuid II) Leathanach: 174

‘Is olc an baile, Baile an Fhaoitigh, go bhfuil clocha ceangailte ann agus madraí scaoilte!’

Is mairg a théann go Baile na bhFaoiteach – Bíonn clocha ceangailte is madraí scaoilte ann. Duine éigin nár cuireadh an fháilte cheart roimhe ann lá crua seaca. Nuair a cuireadh na madraí leis ann ní raibh na clocha féin mar chosaint aige air féin ach iad greamaithe sa sioc.

Foinse: Seanfhocail na Mumhan (Ó Siochfhradha 1926)

  • An tOllamh John M. Kelly, Aire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta in 1978. “There is an old Irish proverb which states: ‘Clocha ceangailte agus madraí scaoilte’ – ‘stones tied down and dogs on the loose’; in other words, it is all right for Deputy Haughey to raise points about there being no glimmer of hope in the budget statement but it is not all right for me to reply to them.” (Rúin Airgeadais 1932)
  • In this situation I am reminded of the Irish phrase so well used by a late Chief Justice and President, Cearbhall Ó Dálaigh: "clocha ceangailte agus madraí scaoilte" which can, in this scenario, read "the defenders are restrained and the marauders are let loose".
  • Leabhar - Clocha Ceangailte: Léargas ar UNIFIL sa Liobáin le Gearóid Mac Unfraidh Baile Átha Cliath: An Cloóchomhar Tta, 1994

https://pureadmin.qub.ac.uk/ws/portalfiles/portal/174235186/A_life_history_of_the_Irish_ecotype_tied_stones_and_loose_dogs_.pdf

https://www.president.ie/en/media-library/speeches/remarks-at-a-reception-for-delegates-at-law-commissions-meeting

https://www.gaois.ie/ga/idioms/4751698