Clarín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Clarín (Spáinnis: "stoc" nó "buabhall") an dara nuachtán Spáinnise is mó díol ar domhan agus an nuachtán is mó díol i Meiriceá Laidineach. Foilsítear 500,000 cóip den nuachtán gach lá. Foilsítear Clarín gach maidin i mBuenos Aires, san Airgintín. Bhunaigh Roberto Noble é ar an 28 Lúnasa 1945.

Tréithe an nuachtáin[athraigh | edit source]

  • Tugann Clarín tús áite do shaincheisteanna áitiúla: rannóga spóirt agus siamsaíochta ach go háirithe. Tá dearadh eagsúil ar na rannóga seo i gcomparáid leis an gcuid eile den nuachtán.
  • Dáiltear chuig na seastáin nuachta san ardchathair (Capital Federal) é roimh nuachtán ar bith eile. I gcathair agus cúige Bhuenos Aires tá luach 5 centavos air, mar i gcéanna leis an gcuid eile de na nuachtáin. Tá luach 10 centavos air sa chuid eile den Airgintín.
  • Tá cruth tablóideach ar Chlarín.
  • Is é an nuachtán is mó díol san Airgintín.
  • Is é "Un toque de atención para la solución argentina de los problemas argentinos” "(Géim gallstoc le haghaidh réiteach Airgintíneach fadhbanna na hAirgintíne)” mana an nuachtáin agus tá "El gran diario Argentino" (an nuachtán mór Airgintíneach) mar mhana margaíochta aige.
  • Tá an nuachtán ina bhall den eagras Periódicos Asociados Latinoamericanos (PAL), cumann de na nuachtáin is tábhachtaí agus is mó i Meiriceá Laidineach.