Christy Dignam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristy Dignam

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1960
Fionnghlas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meitheamh 2023
63 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha ()
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1980 –
Ball de
Lipéad ceoilEMI Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1892763 Musicbrainz: 70d5884a-50f4-4fb7-89b2-48b5360c45a1 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Christy Dignam (23 Bealtaine 1960 - 13 Meitheamh 2023) príomhamhránaí an racghrúpa Aslan agus bhí cáil air as a ghlór sainniúil agus a chuid amhrán.[1][2] Bhí fadhbanna le handúil ag Dignam, fadhbanna a raibh sé an-oscailte fúthu, agus d’fhág sé Aslan ar feadh tamaill. Tháinig an banna le chéile arís sna nóchaidí agus an uair sin scríobh siad an t-amhrán is cáiliúla dá gcuid, “Crazy World”. In 2013 diagnóisíodh go raibh aimileoideois ar Dignam ach lean sé leis ag seinm, idir tréimhsí drochshláinte, sna deich mbliana ina dhiaidh sin.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dignam in Ospidéal Sráid Holles i mBaile Átha Cliath. Bhí ochtar sa teaghlach. Tógadh é i Fionnghlas, ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Rinneadh mí-úsáid ghnéis air nuair a bhí sé bliana d'aois. Bhí sé sona le linn a óige seachas sin.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Dignam ag seinm ceoil sna seachtóidí. Bhunaigh sé an grúpa Meelah XVIII sa bhliain 1982, ar a dtugtar Aslan níos déanaí. Bhí Christy Dignam, Tony Talbot, Mick McKenna, Joe Jewell, agus Gerry Conlon sa ghrúpa Meelah XVIII, agus bhí singil acu ar nós Toy Soldier agus Meelah Pt. 2.

Mar Aslan, sna 1980idí, bhí singil acu ar nós This Is, Please Don't Stop, Loving Me Lately, Pretty Thing agus Feel No Shame. Chuaigh a chéad albam Feel no Shame isteach ag barr na cairteacha Éireannach i 1988.[4] Bhí an-tóir ar an ngrúpa i mBaile Átha Cliath go háirithe ag an am. D'fhág Dignam an ghrúpa sa bhliain chéanna mar gheall ar a handúil sa hearóin. Lean Aslan ar aghaidh le príomhamhránaí nua, Eamon Doyle, ach bris siad suas.

Thosaigh Dignam grúpa nua le Conor Goff, darbh ainm Dignam & Goff. Chuir siad roinnt amhránaí amach ag tús na 1990idi.[5] Bhí sé ag tógáil drugaí ag an am – hearóin thar aon druga eile – agus ní raibh sé in araíocht tabhairt faoin obair dá bharr sin. Chaitheadh sé na drugaí in aer agus théadh sé ar ais orthu go minic, ach thagadh sé tríd gach uair.[1]

I 1993, tháinig Aslan le chéile arís. Chuir siad amach an t-albam Goodbye Charlie Moonlight agus an t-amhrán Crazy World, i 1993.Chuir siad amach na halbaim Here Comes Lucy Jones agus Waiting for the Madness To End. Chuaigh an t-albam Waiting... isteach ag barr na cairteacha Albam Éireannach i 2001[6].

Fuair Dignam amach in 2013, go raibh aimileoideois agus ailse air. Bhí teacht aniar san fhear mar sin fein agus lean sé air ag casadh in éindí le Aslan, agus le ceoltóirí eile, go dtí gur buaileadh go dona tinn é in 2022.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Dignam dírbheathaisnéis, This is, i 2004. D'fhoilsigh dírbheathaisnéis eile, My Crazy World, a scríobh sé le Damien Corless, i 2019. Ainmniú My Crazy World don Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post i 2019.[4][7]

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2005, bronnadh Gradam Saoil ar an ngrúpa Aslan ag Gradaim Ceol Meteor. I 2019, bronnadh Gradam Ardmhéara Baile Átha Cliath air mar gheall ar a chuidiú sa cheol.[6][8]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Dignam le Kathryn agus iad ina ndéagóirí. Phós siad sna 1980idi. Tá iníon amháin acu, Kiera, atá ina hamhránaí freisin.[9] Tá beirt gharmhac agus gariníon amháin acu.

D'fhoghlaim sé bel canto sna 2000idí, stíl amhránaíocht chlasaiceach, ó Frank Merriman sa Scoil Amhránaíocht Teach Bel Canto i mBaile Átha Cliath.[10][4]

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Dignam ar roinnt cláir athshlánúcháin ó hearóin agus andúil chraice, ina measc clár Bhúdaíoch sa Téalainn i 2004[2]

Sa bhliain 2013, diagnóisíodh go raibh aimileoideois air (neamhord a chloígh Martin McGuiness) agus tháinig ailse air chomh maith.[2][11]

Cailleadh Dignam ar 13 Meitheamh 2023.[1][12] Bhí cónaí air i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath go dtí lá a bháis.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Aslan frontman Christy Dignam dies at age of 63" (2023-06-23).
  2. 2.0 2.1 2.2 Patrick Freyne. "Christy Dignam: ‘Nearly all the people I started with are dead’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (17 Meitheamh 2023). "‎Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-06-18.
  4. 4.0 4.1 4.2 "Unguarded Voice" (en). The Journal of Music. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  5. "Irish Rock Discography: Christy Dignam". www.irishrock.org. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  6. 6.0 6.1 "Troubled band to pick up lifetime achievement award" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-05-22.
  7. "An Post Irish Book Awards » Christy Dignam with Damian Corless" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-22. Dáta rochtana: 2021-05-22.
  8. Conor McCrave. "Christy Dignam and Norah Casey among recipients of 2019 Lord Mayor award" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-05-22.
  9. "Kiera Dignam Band | Wedding Bands Ireland | Book Wedding Band Now" (en). www.kieradignamband.ie. Dáta rochtana: 2021-05-19.[nasc briste go buan]
  10. "'I recognised the man who sexually abused me when I was six years old' - Christy Dignam tells how he is still haunted by the sexual abuse he suffered as a child" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  11. Shauna Bowers. "Christy Dignam resumes chemotherapy as cancer ‘creeps up again’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-19.
  12. Nuacht RTÉ (2023-06-13). "An t-amhránaí Christy Dignam tar éis bháis" (as ga-IE).