Casabhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bia planda. Meastar gurb iad na Máigigh i Meicsiceo a shaothraigh den chéad uair é, ach fástar mar bharr tábhachtach ar fud na dtrópaicí anois é. Is féidir leis a bheith ina luibh íseal, ina thom nó ina chrann caol, le fréamhacha méithe tiúbracha is 5-9 duilleog fheanchruthach. Bíonn na fréamhacha nimhiúil mar go bhfuil siúcra a tháirgeann ciainíd iontu, agus is gá iad a mhilleadh trí phróiseas casta scríobtha, comhbhrúite is téite. Ina dhiaidh sin is féidir raon leathan earraí a dhéanamh as, ina measc plúr casabhaigh, arán, taipióca, stáirse níocháin is deoch alcólach.