Carantánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pobal Slavach de chuid na luathmheánaoiseanna ba ea na Carantánaigh (Laidin: Qurarantani, Slóivéinis: Karantanci) (Laidin: Sclavi qui dicuntur Quarantani - "Slavaigh a dtugtar Carantánaigh orthu"). Síltear go bhfuil siad ar shinsir na Slóivéanach atá anois ann, go háirithe na Slóivéanaigh Chairintéanacha.

Cúlra stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis gur thit an chéad aontas Slavach (ríocht Samo) ó chéile, chuir na Slavaigh Alpacha Prionsacht Charantáine ar bun sna hAlpa Oirthearacha. Bhí sí neamhspleách idir timpeall 660 agus timpeall 745, go dtí gur tháinig sí faoi scáth na Baváire. Ina dhiaidh sin tugadh isteach san Impireacht Fhrancach í, ach rialaíodh í mar pholaití leath-neamhspleách anuas go dtí timpeall 820.

Tar éis gur éirigh Ljudevit Posavski amach in aghaidh na bhFrancach, ceannairc a fuair cabhair éigin ó na Carantánaigh, rinneadh Críoch Fhrancach den phrionsacht, agus i gceann tamaill rinneadh Diúiceacht na Cairintéine di.

Bhí na Carantánaigh ar na chéad Slavaigh a ghlac an Chríostaíocht ón Iarthar. Misinéirí Éireannacha ba mhó a rinne Críostaithe díobh, agus ar na misinéirí sin bhí Modestus, “Aspal na gCarantánach”. Tugadh cuntas ar an scéal sa tuairisc Conversio Bagoariorum et Carantanorum, cuntas a shíltear a chuireann an iomarca treise ar a ndearna Eaglais Salzburg seachas a ndearna Paitriarcacht Aquileia. Amach san 8ú haois is minic a rinne na Carantánaigh ceannairc le fuath don chreideamh nua, rud a spreagfadh an file Rómánsach Slóivéanach France Prešeren chun dán fada a scríobh.

I dtús an 9ú haois aistríodh a lán Carantánach mar áitritheoirí go dtí Diúiceacht na Panóine Íochtaraí, áit a dtugtaí Carantanorum regio (Tír na gCarantánach) uirthi i Laidin.

Bhí feidhm á baint as an ainm “Carantánaigh” anuas go dtí an 13ú haois.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha gur sa Chairintia a scríobhadh Lámhscríbhinní Freising, rud a rinneadh sa 11ú haois, agus gur cuireadh le chéile i Slavais Alpach iad.

Ní mór an t-eolas atá againn ar theanga na gCarantánach, ach is cosúil go raibh sí gar go leor fós don Phróta-Shlavais. Tá léargas le fáil ar thréithe na Slavaise Alpaí ó logainmneacha Réamh-Shlavacha a chuir na Carantánaigh in oiriúint dá dteanga féin agus ó thaifid Bhaváracha d’ainmneacha i Slaivis Alpach. Is dócha go raibh na Carantánaigh níos cosúla leis na Slavaigh Iartharacha ná leis na Slavaigh Dheisceartacha.[1]

Ón 8ú haois amach tháinig roinnt athruithe ar an tSlavais Alpach, athruithe a bhí coitianta i dteangacha na Slavach Deisceartach. Faoin 13ú haois bhí an tSlóivéinis ann dá bharr.[2]

Síltear gurb iad Lámhscríbhinní Freising na cáipéisí is sine in aon teanga Shlavach atá scríofa san aibítir Laidineach. Tá a lán tréithe Próta-Shlavacha ag baint le teanga na lámhscríbhinní, ach nochtann sí airíonna eile a bhaineann leis an tSlóivéinis luath.

Traidisiúin agus cúrsaí sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag eolas atá le fáil ar chúrsaí polaitíochta agus sóisialta i measc na gCarantánach. Ní dóichí rud ná go raibh siad ina gcónaí i bpobail a dtugtaí župe orthu. Is dócha go raibh uasaicme ann a fáisceadh as díorma armtha an phrionsa Charantánaigh agus a bhí le fáil i gceantair eile de na tailte Slóivéanacha anuas go dtí na hard-mheánaoiseanna. Deir téacsanna meánaoiseanna go dtoghadh an pobal féin a gceannaire, ach ní léir cén aicme atá i gceist agus an focal populus á úsáid i Laidin mheánaoiseach.

Mhair roinnt traidisiúin Charantánacha anuas go dtí deireadh na meánaoiseanna, go háirithe insealbhú Dhiúic na Cairintia, rud a rinneadh anuas go dtí an bhliain 1414.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jožef Šavli (1985). "Veneti, naši davni predniki?". Ivan Tomažić. 
  2. Tine Logar, "Pregled zgodovine slovenskega jezika" (An Outline of the History of Slovene Language). In: Slovenski jezik, literatura in kultura. Ed.: Matjaž Kmecl et al. Ljubljana: Seminar slovenskega jezika, literature in kulture pri Oddelku za slovanske jezike in književnosti Filozofske fakultete Univerze, 1974, p. [103]-113.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bogo Grafenauer, Ustoličevanje koroških vojvod in država karantanskih Slovencev / Die Kärntner Herzogseinsetzung und der Staat der Karantanerslawen, Slovenska akademija znanosti in umetnosti (Academia scientiarum et artium Slovenica, Classis I: Historia et sociologia), Ljubljana 1952
  • Bogo Grafenauer, Zgodovina slovenskega naroda. Zv. 1, Od naselitve do uveljavljenja frankovskega reda (z uvodnim pregledom zgodovine slovenskega ozemlja do naselitve alpskih Slovanov), Državna založba Slovenije, Ljubljana 1978
  • Bogo Grafenauer (eag. Peter Štih), Karantanija: izbrane razprave in članki, Slovenska matica, Ljubljana 2000
  • Hans-Dietrich Kahl, Der Staat der Karantanen - Fakten, Thesen und Fragen zu einer frühen slawischen Machtbildung im Ostalpenraum (7.-9. Jh.) / Država Karantancev - dejstva, teze in vprašanja o zgodnji slovanski državni tvorbi v vzhodnoalpskem prostoru (7.-9. stol.), Narodni muzej Slovenije (Situla: Dissertationes Musei nationalis Sloveniae) and Slovenska akademija znanosti in umetnosti, Ljubljana 2002
  • Paola Korošec, Alpski Slovani / Die Alpenslawen, Znanstveni inštitut Filozofske fakultete, Ljubljana 1990
  • Katja Škrubej, "Ritus gentis" Slovanov v vzhodnih Alpah, ZRC 2002 (with English Summary)
  • Peter Štih, Vasko Simoniti, Slovenska zgodovina do razsvetljenstva, Mohorjeva družba v Celovcu, Ljubljana 1995