Caomhnú bia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Liamhás deataithe

Is éard is caomhnú bia ann ná leasú bia chun a cháilíocht a chaomhnú is bac a chur ar a mheath. Baintear cuid mhaith bianna i séasúr ar leith, agus mar thoradh ar a gcaomhnú is féidir bianna inmheata a chur ar fáil ar feadh tréimhse i bhfad níos mó ná an séasúr bainte. Is cuid bhunúsach de smachtú an nádúir ag daoine na bealaí teicniúla a forbraíodh chun bia a chaomhnú. Baineann triomú an t-uisce as bianna, uisce a chaithfidh a bheith i láthair i gcomhair orgánaigh millte. Is féidir bac a chur ar fhás baictéar trí aigéadú (picilt), sailleadh, téamh, stánú, reo nó ionradú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Caomhnú bia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 115.