Caolsáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fjord à Christiania, Claude Monet (1895).

Góilín cósta fada caol le taobhanna géara a shíneann isteach go fada faoin tír, doimhneacht an-mhór ann go minic é caolsáile (fiordcaoláire uaireanta chomh maith). An chuid is mó díobh, is gleannta báite iad a cruthaíodh trí chreimeadh oighir, le hardú na farraige ina dhiaidh sin tar éis cúlú an oighir. Tá na caolsáilí is fearr eolais san Iorua is an Ghraonlainn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Caolsáile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.