Cannabas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Grianghraf gar-amhairc d'ola cannabais ag deireadh snáthaide

Géineas de phlandaí bláthanna is ea an cannabas nó an chnáib a chuimsíonn trí speiceas toimhdean, Cannabis sativa,[1] Cannabis indica,[1] agus Cannabis ruderalia. Ta na trí thacsón seo dúchasach san Áise Láir, agus san Áise Theas. [2] Baineadh úsáid as Cannabas, le fada, le haghaidh snáithín (cnáib), chun críocha leighis, agus mar dhruga áineasa. Roghnaítear plandaí a tháirgíonn a lán snáithíní ach fíor bheagán Teitrihidricannabinol nó THC, le haghaidh táirgí thionsclaíoch. Is móilín shícighníomhach é THC a thugann 'na ribí' duit agus a bhaineann le marachuan. Is as an bplanda seo a fhaightear an raithneach a chaitear go forleathan timpeall na cruinne.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. 1.0 1.1 "Cannabis sativa information from NPGS/GRIN".
  2. "Marijuana and the Cannabinoids", ElSohly (p.8)