Camp Nou

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cluiche sacair i gCamp Nou. Féach an mana: Mès que un club - Catalóinis: "rud is mó ná club". Is é an club atá i gceist ná F.C. Barcelona, nó "Barça", mar a aithníonn cairde an tsacair é ar fud an domhain.

Is é Camp Nou staidiam sacair an chlub úd F.C. Barcelona, agus é suite i gceantar Les Corts i mBarcelona. hOsclaíodh an staidiam go hoifigiúil ar an 24 Meán Fómhair 1957, agus is féidir 98,787 duine a thoilleadh ansin, rud a fhágann gurb é an staidiam is mó san Eoraip. Fuair Camp Nou an rátáil is airde is féidir le FIFA a bhronnadh ar aon staidiam sacair, is é sin, cúig réalta. Tá Camp Nou ar ceann de na staidiamaí sacair is mó le rá san Eoraip.

B'iad Francesc Mitjans-Miró, Lorenzo García Barbon agus Josep Soteras Mauri na hailtirí a dhear an staidiam.

Do chuid uirlisí