Calra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seanaonad fuinnimh, i bhfoirm teasa de ghnáth. An méid teasa is gá chun 1 g uisce a théamh ó 15 °C go dtí 16 °C. Is ionann calra is 4.184 J (giúl), méid an-bheag fuinnimh. Mar shampla, bíonn gá ag gnáthdhuine le 2.5 milliún calra óna chuid bia gach lá. Mar sin, luaitear an fuinneamh a fhaightear ó mheitibileacht bia — a luach calrach — ina chileachalraí (1,000 calra) nó ina chalra mór, a scríobhtar le ceannlitir mar seo: Calra, giorraithe go dtí C. Mar sin, luach timpeall 2,500 kC de bhia a bhíonn ó ghnáthdhuine gach lá.