Caisleán an tSlaoda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Caisleán an tSlaoid)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán an tSlaoda
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Loch Garman, Éire
Map
 52°08′02″N 6°54′39″W / 52.133868°N 6.910706°W / 52.133868; -6.910706
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir429

Tháinig Caisleán an tSlaoda ar an bhfód ar dtús mar thúrtheach caol ceithre stór a thóg clann Laffan sa 15ú haois. Tá an príomhsheomra ar an dara hurlár agus tá tinteáin agus garderobe (leithreas) ann. Tá an pasáiste isteach sa túr á chosaint ag "poll maraithe", i.e. poll san urlár os a chionn a lig don lucht cosanta leachtanna bruite agus rudaí eile a scaoileadh anuas ar éinne a tháinig ina "chuireadh-gan-iarraidh".[1]

Sa 16ú haois chuir muintir Laffan teach nua dhá stór leis an túr ar an taobh thoir thuaidh de. Ballaí táibhleacha a bhí ann, dála an túir, agus tá fuinneoga simplí greanta ar an gcéad urlár. Tá díon coirbéalach cloiche ar an gcuile a cuireadh leis an gcúl theas; b'fhéidir go mbaineann sé le tionscal an tsalainn a bhí faoi réim ag an tSlaoda sa 17ú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. H. G. Leask (1951). "Slade Castle, Co. Wexford" (as En). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 81 (2): 198–201. ISSN 0035-9106.