Cairpéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cairpéad

Cumhdach urláir a dhéantar as olann, síoda, siúit, móihéar nó snáithíní eile, fite go traidisiúnta ach táirgthe ar mhodhanna eile na laethanta seo, cosúil le greamú nó fuáil an chaitín leis an mbun le meaisín é cairpéad (brat urláir uaireanta). Is dóigh gur thosaigh an coincheap sa Pheirs anallód agus gur scaip chuig lár na hÁise, réigiún Cugais is an Áise Bheag, mar ar fhorbair foirmeacha sainiúla d'ealaín pobail i gceardlanna na cúirte. Níor thosaigh déanamh cairpéad mar cheird fhorleathan in iarthar na hEorpa go dtí an 18ú céad, agus de réir a chéile meicníodh í.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cairpéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 107.