Caesionidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caesionidae
Fusiliers ag an Mhórsceir Bhacainneach
Fusiliers ag an Mhórsceir Bhacainneach
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Actinopterygii
Ord: Perciformes
Fo-ord: Percoidei
Forfhine: Percoidea
Fine: Caesionidae
Genera
Caesio
Dipterygonotus
Gymnocaesio
Pterocaesio
Téarmaí comhchiallacha
Caesioninae

Is fine éisc iad na fiúsailéirí (Caesionidae), san ord Perciformes. Tá siad gaolta leis na sclamhairí, ach oiriúnaithe chun planctón, seachas chreiche níos móire a ithe. Bíonn siad le fáil ar sceireacha san Ind-Aigéan Ciúin.

Is éisc sorcóireacha agus sruthlíniúla iad, suas le 60 cm (24 orlach), cé nach bhaineann an líon is mó ach thart ar leath an fhad sin amach. Tá a ngialla uachtaracha insínte, agus oiriúnaithe le haghaidh planctóin a phiocadh .