Caergybi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eaglais Naomh Cybi ag Caergybi

An baile is mó i gcontae Ynys Môn in iarthuaisceart na Breataine Bige is ea é Caergybi (Béarla: Holyhead). Is calafort mór é freisin in aice leis an Mhuir Éireann, ag freastal ar Éirinn.

In ainneoin é a bheith ina bhaile is mó sa chontae, le daonra de 11,237 (daonáireamh 2001), ní hé baile an chontae é agus níl sé fiú ar an oileán 'Ynys Môn' ach ar Ynys Gybi (Béarla: Holy Island). Ar dtús báire, cheangail an droichead an Pontrhydybont (Béarla: Four Mile Bridge) é le Ynys Môn. I lár an 19ú haois, mhaoinigh an Tiarna Stanley, a bhí ina dhaonchara áitiúil, tógáil cabhsa níos mó ar a dtugtar ar go háitiúil "An Cob". Anois, iompraíonn sé an A5 agus an líne iarnróid. Ritheann an carrbhealach dúbailte A55 comhthreomhar leis an cob ar chabhsa nua-aimseartha.