Córas Suite Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
léaráid satailít CSD

Is éard atá i gceist leis an gCóras Suite Domhanda (CSD) ná córas domhanda loingseoireachta satailítbhunaithe a chuireann eolas iontaofa suímh agus ama ar fáil don úsáideoir i dtaobh gach áit ar dhroim an Domhain nó in aice leis, ar acht is go bhfuil radharc ag ceithre shatailít, nó níos mó, ar an áit atá i gceist. Is é rialtas na Stát Aontaithe a choinníonn an córas seo ag imeacht, ach tá rochtain ag gach duine air a bhfuil glacadóir Córais Shuite Dhomhanda aige. Ba í Roinn Chosanta na Stát Aontaithe a chuir an córas ar bun thiar sa bhliain 1973, agus ar dtús bhí ceithre shatailít fichead ann.

Baintear úsáid fhorleathan as an gCóras Suite Domhanda inniu sa loingseoireacht agus sa léarscáiliú. Tugann sé an t-am cruinn duit freisin, rud atá ríthábhachtach dóibh siúd a bhfuil turgnaimh eolaíochta idir lámhaibh acu. Thairis sin, tá a leithéid de chaitheamh aimsire ann agus geothaiscíocht, agus é bunaithe ar úsáid an Chórais Shuite Dhomhanda.

Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

CSD á úsáid ar bhord báid

Ar dtús ba é Arm na Stát Aontaithe amháin a bhí ag baint leasa as an gcóras seo. Inniu, áfach, is féidir leis na sibhialtaigh féin dul i dtuilleamaí an Chórais Shuite Dhomhanda. Seo samplaí den dóigh a n-úsáideann siad an Córas:

  • teileafónaíocht cheallach
  • fóirithint anachaine, seirbhísí éigeandála, cuardach agus tarrtháil
  • rianú na ndaoine, na ngluaisteán is na n-ainmhithe ("geofhálú")
  • "geochlibeanna", is é sin, cuirtear clibeanna eolais le grianghrafanna le cuimhne a choinneáil ar an áit ar tógadh iad
  • rianú na n-eitleán
  • eolas turasóireachta faoi áit ar leith
  • mapáil agus léarscáiliú
  • loingseoireacht na mbád is na n-eitleán
  • suirbhéireacht
  • teicteonaic
  • geothaiscíocht agus caithimh aimsire eile