Oileán Cheap Bhreatainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Céap Breatuinn)

Is oileán é Ceap Breatainn atá suite amach ó chósta thoir Cheanada (Albain Nua). Tá cultúr suntasach Gaelach ar an oileán, go mór mór cultúr Ghàidhlig na hAlban. Ba í an Ghàidhlig phríomhtheanga na háite anuas go dtí caoga bliain ó shin, b'fhéidir, ach nuair a mheath na seanslite maireachtála, dála na hiascaireachta agus na foraoiseachta, thosaigh muintir na háite ag tabhairt a n-aghaidhe ar na bailte móra. De réir a chéile, mar sin, tháinig laghdú ar an líon daoine i gCeap Breatainn a raibh Gàidhlig ó dhúchas acu.

Mar sin féin, níl an cultúr ar an dé deiridh fós. Tá an teanga á labhairt ag cuid de mhuintir na háite agus tá ceol na nGàidheal go háirithe le blaiseadh ann.

Léarscáil

Luann Vicipéid Ghaeilge na hAlban na háiteanna seo ar an oileán:

  • Aiseag Mhira (Droichead Albert)
  • Bàgh a' Chaisteil
  • Am Bàgh an Ear
  • Baghasdail
  • Baile Shidni
  • Am Bàr (Sidni-a-Tuath)
  • Beinn Eòin
  • Camas an Dobhrain (Cuas Béabhar)
  • An Caolas Mór (An Caol Mór)
  • Drochaid Mhira
  • Eilein na Nollaig
  • Glasbaidh
  • Mèinnean Shidhi
  • A' Mhira Mhòr
  • Pòn na Maiseadh (Lochán Beanacadie)
  • Am Pòn Mór (An Lochán Mór)
  • Cùil an t-Sìmileir
  • Hogamah (Whycocomagh)
  • Màbu (Mabou)
  • Siudag (Judique)
  • Creignis (Creignish)

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]