Bun na Dubh Abhann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bun na Dubh Abhann

Is sráidbhaile in iarthar na hAlban é Bun na Dubh Abhann (Béarla: Blackwaterfoot). Tá sé suite i nGleann Sheagann in iardheisceart Oileán Arainn, sa Chaolas Chluaidh. Is iad na comhárdaithe aige ná 55° 30′ 0″ Thuaidh agus 5° 20′ 0″ Thiar.

Tá ceann den dá chúrsa gailf 12 pholl san Eoraip ann. In aice leis an bhaile, tá Rubha a' Bharra (nó Rubha an Dùin) (Béarla: Drumadoon Point) a bhfuil sean-dúnfort an ón Iarnaois, mar atá, Linn an Iarainn. Beagán níos faide ó thuaidh tá Uamh an Rìgh, áit inar chaith Roibeard Brús tamall i bhfolach, a deirtear.