Buíochán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht ina mbíonn méadú i dtiúchan na líocha domlais (bilearúibin is biliveirdin) sa bhfuil. Fágann siad seo smál ar an gcraiceann is fíocháin eile, gealacáin na súl ina measc, agus tagann siad le bheith glasbhuí. Tá 3 phríomhchúis a fhéadfaidh an riocht seo a tharraingt: má tharlaíonn dianscaoileadh iomarcach lí na fola, haemaglóibin, táirgtear méid mínormálta ard de líocha an domlais, rud a sháithíonn cumas an ae chun iad a eisfhearadh (buíochán haemalaíoch); má bhíonn galar géar ar an ae is laghdú ar a chumas líocha an domlais a dhíbirt ón bhfuil go dtí an stéig, bailíonn na líocha seo sa cholainn; má bhíonn bac ar thaisteal líocha an domlais as an ae tríd an bhfeadán coiteann domlasach, de bharr cloch domlais mar shampla, bailíonn na líocha san ae is scaipeann sa cholainn i gcoitinne.