Breachtán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Soitheach lán le breachtán
Berliner lán le breachtán.

Is bia bog é breachtán déanta de uibheacha, bainne, siúcra agus plúr. Is milseog é agus lena chois sin, cuirtear i mórán borróga é freisin, amhail Berliner. Is féidir le breachtán a bheith tiubh agus meallach nó is féidir leis bheith sreabhach. Nuair atá sé sreabhach, tá sé oiriúnach mar anlann agus doirtear ar bhia eile é amhail toirtín. Buíonn dath buíbánbhuí air de bharr buíocáin na n-uibheacha. Is féidir é a ithe te nó fuar.