Brú gaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An brú a imríonn an ghal mórthimpeall ar leacht nó solad. Bíonn leacht nó solad timpeallaithe ag gal an ábhair chéanna i gcónaí agus í i gcothromaíocht leis. Mar shampla, bíonn brú galuisce cothrom le timpeall 0.2% de bhrú an atmaisféir ag teocht an tseomra. Méadaíonn an brú gaile nuair a mhéadaíonn an teocht.