Blas (BBC)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBlas
Sonraí
Cineálclár raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1998

Is clár irise Gaeilge é Blas, a chraoltar ó Luan go Déardaoin ar BBC Raidió Uladh, ó 7:30 i.n. go 8.00 i.n. Craoltar “Blas Ceol” oíche Déardaoin ó 8.00 i.n. go 9.00 i.n.[1] Thosaigh an clár in 1998.[2]

Díríonn Blas ar nuacht agus ar scéalta a bhfuil spéis ag pobal na Gaeilge iontu: spórt, ealaíon, litríocht, polaitíocht, agus cúrsaí reatha san áireamh. Díríonn an clár go príomha ar nuacht agus scéalta ó Thuaisceart Éireann, ach clúdaíonn sé scéalta ó Phoblacht na hÉireann, agus ó Ghaeltacht na hAlban freisin.

Léiríonn BBC Gaeilge an clár, agus is iad Fearghal Mag Uiginn, Máire Bhreathnach, Dáithí Ó Muirí agus Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail na príomhláithreoirí. Cuireann Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail ‘Blas Ceoil’ i láthair ar an Déardaoin, clár a chlúdaíonn ceol traidisiúnta agus ceol tíre. Cuireann Brian Mullen, duine de láithreoirí Blas ón tús, an seó Caschlár i láthair oícheanta Domhnaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]