Bavaria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBavaria
(nl) Royal Swinkels Family Brewers Holding N.V. Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgrúdlann Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíNaamloze vennootschap Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1680
Gníomhaíocht
Táirgebeoir Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Le cuid
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbavaria.com Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an ngrúdlann Ollannach; má tá suim agat sa réigiún sa Ghearmáin, féach An Bhaváir
Bavaria lógó

Is grúdlann Ollannach í Bavaria. Tá sí suite i Lieshout i dTuaisceart Brabant san Ísiltír. Bhunaigh Laurentius Moores an ghrúdlann i 1719.

Sonraithe Gearra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is le muintir Swinkels an ghrúdlann.

Táirigíonn an comhlacht raon lágair meathbháin le méideanna éagsúla alcóil iontu. Déanann siad é seo faoi brandainmneach difrúila, ina measc Bavaria agus Hollandia. Tá conradh ag Bavaria chun roinnt brandaí Eorpacha aonaracha lágar Ollannach eile a ghrúdú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Lauentius Moors an ghrúdlann i 1719 agus tháirgigh sé thart ar 88 bairille beoracha in aghaidh na bliana. Nuair a fuair Jan Sbinkels an ghrúdlann trí oidhreacht i 1851, tharla forleathnú ar an ngrúdlann. Méadaíodh a dtáirgeacht agus a gcur amach. Faoi 1924 bhí an ghrúdlann éirithe róbheag agus tógadh ceann nua. Cuireadh gléasra meicniúil buidéalaithe leis i 1933 a tháirg 2,000 budéal in aghaidh na huaire. Tógadh monarcha braiche i 1910 a tháirgeann braich do ghrúdlann Bavaria agus roinnt grúdlann eile fós. Tá fáil ar Bhavaria in dhá thír faoi láthair, Éire ina measc. Táirgeann Bavaria 400 milliún lítear in aghaidh na bliana.

Corn Domhanda FIFA 2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh Bavaria roinnt conspóide ag an gCorn Damhnada sacair i 2006, nuair a chaith lucht tacaíochta foireann náisúinta na hÍsiltíre, Leeuwenhosen(cineál éadaigh), leis an lógó Bavaria orthu. Tugadh na Leeuwenhosen saor in aisce do dhaoine a cheannaigh earraí Bavaria. Dúirt FIFA go raibh sé seo mí-dhleathach mar gheall gur 'ambush marketing' a bhí ann agus bhí comhluchtaí móra tar éis airgead mór a íoc chun na cearta urraíthe a bheith acu. Ag an gcluiche i gcoinne an Chósta Eabhair, bhí ar an lucht tacaíochta na Leeuwenhosen a bhaint díbh agus iad a athrú le cinn gan lógó ar bith orthu.

Naisc Seachtarachta[cuir in eagar | athraigh foinse]