Banc sonraí téarmaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Banc ollmhór sonraí téarmaíochta ar ríomhaire atá crostagartha do na téarmaí céanna i raon teangacha. Cuireadh an acmhainn seo ar fáil de bharr borradh géaraithe faoin téarmaíocht theicniúil sa 20ú céad, agus gá práinneach úsáid focal a chaighdeánú idir na teangacha, na difríochtaí a chlárú, is comhchoibhnis a dhéanamh eatarthu. Tá a leagan féin den Fhoclóir Uathoibríoch Eorpach ar líne ag an Aontas Eorpach trí Euronet.