Ballapháipéar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páipéar balla ar chanbhás, lámhphéinteáilte, le chinoiserie agus ornáidí rocócó (timpeall 1765)

Is éard is ballapháipéar (nó páipéar balla) ann ná cineál ábhair a úsáidtear chun ballaí tithe, oifigí, agus foirgnimh eile a chlúdach agus a mhaisiú ar na taobh istigh. Is gné amháin den mhaisiúcháin istigh í. Díoltar i rollaí é de ghnáth agus cuirtear é ar bhalla ag baint úsáide as taos bhallapháipéir. Is féidir teacht ar bhallapháipéir gan phatrún (ionas gur féidir é a bheith péinteáilte), uigeach (mar shampla Anaglypta), nó le grafaicí patrúnaithe.

Féadfar go mbeidh ar áireamh sna teicnící printéireachta seo; priontáil dhromchla, fótaghrábháil rothlach, priontáil scáileáin síoda, clódóireacht rothlach, agus priontáil dhigiteach. Tá seacht bpatrún bunúsach, mar a thuairiscítear grúpaí ballapháipéir, gur féidir a úsáid chun plána infinideach a chlúdach. Bíonn gach patrúin bhallapháipéir bunaithe ar na ngrúpaí seo. Is féidir le patrún amháin a eisiúint i ndathmhodhanna éagsúla.