Aois toilithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is aois toilithe ann ná an aois a mbíonn duine sean go leor chun caidreamh collaí a bheith aige nó aici le duine fásta gan an dlí a shárú.

In Éirinn, lasmuigh den phósadh, is é 17 bliana an aois thoilithe, 16 bliana sa phósadh. I dTuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe is é 16 an aois toilithe. Bíonn an aois toilithe idir 16 agus 18 i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag brath ar an stát.