Antraipiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar comparáideach ar thoisí na colainne daonna is na hathruithe inti le himeacht ama. Is iad na toisí is mó a ndéantar staidéar orthu ná meáchan, airde, tiús filleadh craicinn, imlíne lár na géige, faid choibhneasta na ngéag, agus cóimheas an choim is an chromáin. Tá cairteacha caighdeánacha ar fáil a léiríonn raon normálta na dtoisí seo i gcomhair grúpaí éagsúla (mar shampla, aoisghrúpa áirithe buachaillí). Tugann an staidéar léargas ar éabhlóid daoine, cothú, agus oiriúnú daoine do chúinsí aeráide is eile. Baintear feidhm as i ndearadh earraí cosúil le héadaí, suíocháin feithicil, amharclainne is eile, leapacha is eile.