Antonin Leopold Dvořák

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antonin Dvořák sa bhliain 1886

Cumadóir ceoil a rugadh gar do Phrág ab ea Antonin Leopold Dvořák (8 Meán Fómhair 1841 - 1 Bealtaine 1904). Struchtúr clasaiceach ina chuid ceoil, ach anáil láidir Shlavónach. Bhain sé cáil idirnáisiúnta lena Stabat Mater (Sheas an Mháthair, 1880). Scríobh sé a 9ú siansa, Z nového světa (Ón Domhan Úr, 1893) sna Stáit Aontaithe.